Explore An Cheathrú Rua
Tá an Cheathrú Rua lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Chonamara i mbéal an Atlantaigh agus an tsráidbhaile 50km as cathair na Gaillimhe. Tá 2,500 duine ag cur fúthu ar an leithinis seo. Le fada an lá ba le cladach is mó a bhíodh daoine ina gcónaí agus ag saothrú a mbeatha. Tá sé seo fós amhlaidh do chuid de na daoine atá ina gcónaí ar an gCeathrú Rua agus tá cuid mhaith de bháid thraidisiúnta na Gaillimhe anseo. Orthu sin tá Húicéirí na Gaillimhe, curacha agus cineálacha eile bád. Tá Féile an Dóilín ar cheann de na féilte bád gur fiú don chuairteoir lán súl a bhaint as na báid seoil cosúil leis an ngleoiteog, an púcán, leathbhád, bád mór, curacha agus báid eile a bhíonn le feiceáil ar Chuan an Fhir Mhóir i dtús mhí Lúnasa. Tá sé ráite go raibh fathach fir ag gardáil Chuan an Fhir Mhóir ach is daoine cairdiúla, séimhe atá anseo anois! Tá Trá an Dóilín i mbéal an chuain agus é ar cheann den bheagán tránna coiréil in Éirinn.
On the edge of the Atlantic Ocean, in the heart of the Connemara Gaeltacht, 50 km west of Galway city lies An Cheathrú Rua. With a population of 2,500 on the peninsula, historically, settlement was mainly along the coast where people made their living. This is still true today for some people living in Carraroe, where the largest number of traditional boats which are widely known as the Galway Hooker, curraghs and other types of boats. Féile an Dóilín is a traditional boat festival and treats the onlooker to wonderful sights of the big sails of hookers(namely gleoiteog, púcán, leathbhád and bád mór) and curraghs lighting up Cuan an Fhir Mhóir(Bay of the big man) at the beginning of August. Cuan an Fhir Mhóir(the bay of the big man) was named after a giant guarding the bay but today the bay is used by friendly, endearing people. In the mouth of the bay, lies Trá an Dóilín, one of the few coral beaches of Ireland.