featured image
Picture of Conamara agus oileáin

Conamara agus oileáin

Scléip an tSamhraidh i gConamara agus na hOileáin

Connemara summer

Tá cáil ar Chonamara agus na hOileáin mar gheall ar thránna geala, siúlóidí cúlráideacha agus ócáid chultúrtha ar leith a gcuirfear tú léi in athuair i mí an Mheithimh seo, díreach in am do scléip an tsamhraidh agus saoirí nach ligfear i ndearmad.

Conamara – áit a bhfuil éagsúlacht mhór ann, go tíreolaíoch agus go cultúrtha. Síneann an limistéar ó Chuan na Gaillimhe go dtí an Caoláire Rua, tá Oileáin Árann agus Inis Bó Finne san áireamh agus é lonnaithe i gcroílár Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá ár suíomh nua idirlín díreach seolta agus réimse speisialta tairiscintí ann do chlanna, do dhaoine ar chuairt ghairid agus tréimhsí níos faide. Tá feachtas láidir againn ar na meáin shóisialta a thabharfaidh spreagadh duit ó éirí gréine ar bhruach Loch Coirib go dtéann sí i dtalamh i gceantar álainn Chuan an Mhada. Tá tábhacht ar leith le héagsúlacht Chonamara an samhradh seo agus cuairteoirí ag iarraidh saoirí níos sábháilte a chaitheamh in Éirinn mar gheall ar an aicíd Covid-19. Ar chuid den éagsúlacht sin tá páirceanna clochacha, saol na n-oileán, ár muintir, litríocht agus cultúr, ealaíon, ceol, gan trácht ar áiseanna faoin aer agus a dtábhacht siúd ó thaobh sláinte. Tá éagsúlacht mhór sa réigiún – Na Beanna Beola agus na bratphortaigh; mórchuid leithinsí agus cuaisíní; oileáin nach bhfuil a leithéid eile ann agus tábhacht chultúr ársa na nGael agus na Gaeilge agus an traidisiún atá i gcroílár Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is iad na gnéithe seo ar fad a chruthaíonn gur ceantar é seo nach bhfuil a leithéid eile sa tír. Tá lóistín den uile chineál ar fáil i gConamara – ina measc sóchampáil, lóistín féinfhreastail, tithe móra maorga a bhfuil duaiseanna buaite acu, óstáin cúig réalta agus tithe aíochta, áiteanna cúlráideacha, sráidbhailte slachtmhara agus tránna. Níl duine ná deoraí nach ndéantar freastal air/uirthi. Tá ríméad orainn anois go bhfuil réimse leathan leathanaigh lóistín ar ár suíomh agus ceangal déanta idir iad agus imeachtaí áitiúla agus caitheamh aimsire, cosúil le hiascach farraige, turais ar bháid agus fámaireacht

Share this post

Sign up for Updates:

Scroll to Top