An Dara Gaeltacht is mó sa tír

Lonnaithe siar ó chathair na Gaillimhe i gcuid mhaith de Chonamara. Is anseo atá an dara Gaeltacht is mó sa tír. Tá an Ghaeilge á labhairt go laethúil ag na daoine atá ina gcónaí agus ag obair anseo. Tá daoine in ann athrú ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge go héasca agus is minic tuin na Gaeilge a bheith ar a gcuid Béarla. Is anseo atá fáil ar shaibhreas an chultúir agus an bhéaloidis agus tá amhránaíocht agus damhsa den seandéanamh fós i measc na ndaoine.

CeantarnanOilean_056
roadtorosamhil_001

Agus tú ag tiomáint siar le cósta na Gaillimhe tabharfaidh tú suntas den athrú a thagann ar an taobh tíre. Ar an taobh clé tá farraige mhór an Atlantaigh agus ar do thaobh dheas tá portaigh, gleannta agus lochanna, a bhfuil na Beanna Beola agus Sléibhte Mhám Toirc mar chúlra acu. Tá bóithre beaga cúlráideacha do do threorú idir na sráidbhailte nach bhfuil fós millte de bharr an iomarca forbartha. Anseo atá tránna glana, siúlóidí breátha agus an ciúnas agus tú fós buailte ar an bhfarraige.

Na hOileáin Árann

Amach ón gcósta i mbéal Chuan na Gaillimhe atá trí oileán Árann lonnaithe – Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr. Tá cáil ar an mbealach a maireann na daoine ar na hoileáin seo, tá na seanbhealaí traidisiúnta agus saol an lae inniu fite go snasta le chéile. Baineann stair shaibhir ársa leis na hoileáin, mar atá follasach ó na séadchomharthaí réamh-Chríostaíochta agus Críostaíochta atá fairsing orthu.

InishMor_057

Sign up for Updates:

Scroll to Top