Éagsúlachtaí Fairsinge

Éagsúlachtaí fairsinge – Síneann cósta Chonamara ó Chuan na Gaillimhe go dtí an Caoláire Rua. Tá Oileáin Árann agus Inis Bó Finne i gContae na Gaillimhe lonnaithe i gcroílár Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá éagsúlachtaí móra sa réigiún – tá na Beanna Beola mar chúlra ag na bratphortaigh atá fairsing, gan trácht ar mhórchuid leithinsí, cuaisíní agus oileáin, a bhfuil cultúr ársa na nGael á roinnt leo ar fad. Is iad seo dlúth agus inneach Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus iad mar spreagadh le cianta ag scríbhneoirí, ealaíontóirí agus ceoltóirí.

Sky Road Clifden _02 GK
Wild Atlantic Way

Tá cáil an tseanchais agus an bhéaloidis ar an gCósta agus na hOileáin. Tá an tírdhreach mar chúlra acu agus saol agus tréithe mhuintir an chósta i gcroílár an chultúir, mar a spreag sin foinse agus inspioráid na n-ealaíon leis na glúnta. Tá deiseanna nua á gcruthú i saol an lae inniu chun an cuairteoir a spreagadh agus a mhealladh i dtreo an chultúir Ghaelaigh agus na Gaeilge ar bhealaí atá smaointeach, tarraingteach agus spreagúil.

Sign up for Updates:

Scroll to Top