Irish Rail
Síneann Cósta Chonamara ó Chuan na Gaillimhe go dtí an Caoláire Rua, Oileáin Árann agus Inis Bó Finne i gContae na Gaillimhe agus é lonnaithe i gcroílár Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá Conamara siar ó chathair na Gaillimhe, cathair a bhfuil nasc laethúil aici ar bhus nó ar thraein go Baile Átha Cliath

.

Ar Thraein

Tá teacht ar ghréasán náisiúnta Iarnród Éireann ó stáisiún Ceannt i gcathair na Gaillimhe in aice leis an bhFaiche Mhór. Caith súil ar amchlár Iarnród Éireann i gcomhair ticéad, amchlár agus eolas taist

I gCarr

Tá ceangal maith bóithre idir Conamara agus gach cathair agus aerfort in Éirinn. Tá dhá bhealach as cathair na Gaillimhe go Conamara – bealach na lochanna agus le cósta. Lean na treoracha chuig an Spidéal chun dul le cósta. Téann an bealach seo trí cheantar Gaeltachta Chonamara. Lean na treoracha chuig an gClochán má tá fút taisteal trí cheantar na lochanna agus na sléibhte.

By Bus

Bus go Gaillimh

Tá ceangal maith busanna idir cathair na Gaillimhe, Baile Átha Cliath, Luimneach agus áiteanna eile. Fágann an tseirbhís náisiúnta bus, Bus Éireann, stáisiún Ceannt ag an bhFaiche Mhór agus fágann busanna príobháideacha ( Go Bus agus Citylink ) ón stáisiún nua Cóistí ar Fhaiche an Aonaigh, atá cúig nóiméad ón bhFaiche Mhór.

Bus go Conamara

Fágann bus 424 ó stáisiún Ceannt agus le cósta go Bearna amach go dtí an Cheathrú Rua agus Leitir Mealláin agus chomh fada le Carna uair in aghaidh an lae. Fágann bus 419 stáisiún Ceannt amach bealach na lochanna go dtí An Clochán agus as sin go dtí an Líonán as an gClochán uair in aghaidh an lae freisin. Cuireann an comhlacht príobháideach bus Citylink seirbhís rialta ón Stáisiún Nua Cóistí go dtí an Clochán agus go dtí Leitir Fraic agus an Cloigeann faoi dhó sa lá.

Na hOileáin a bhaint amach

Sign up for Updates:

Scroll to Top