top-10-beeches
Conamara agus oileáin

Conamara agus oileáin

Tránna Chonamara agus na nOileán

Trá na gCeann
Trá ghainimh atá suite míle ó shráidbhaile Bhearna. Tá tóir ar an trá sin ag lucht cathrach, daoine áitiúla agus ag cuairteoirí.

 

View this post on Instagram

 

A post shared by CONNEMARA.IE (@connemara.ie)

Trá Mhór
Tá trá bhreá gheal ar a dtugtar an Trá Mhór lonnaithe in Indreabhán, agus tóir uirthi ag lucht siúlóide agus snámha. Tá léargas breá as seo ar thrí Oileán Árann, an Bhoirinn i gContae an Chláir agus Aillte an Mhothair ar lá breá gréine sa samhradh.

 

View this post on Instagram

 

A post shared by Pádraig Ó Conghaile (@mc_muipead)

Trá an Dóilín
Tá Trá an Dóilín suite i gcroílár na Gaeltachta gar do shráidbhaile na Ceathrún Rua. Tá an-tóir ag lucht snorclála uirthi.

Trá Mhaírois
Tá trá álainn Mhaírois lonnaithe gar do shráidbhaile Charna, trá a bhfuil an-tóir ag snámhóirí uirthi. Go deimhin, cheapfá go bhfuil tú sna tíortha teo ann ar lá breá gréine. Tá séipéal ársa ón séú céad in aice láimhe, más sa chultúr atá suim ag an gcuairteoir.

 

View this post on Instagram

 

A post shared by Carna Bay Hotel (@carnabayhotel)

Cill Mhuirbhigh
Tá cosaint nádúrtha leath chiorclach ar thrá Chill Mhuirbhigh ar Inis Mór, an ceann is mó de thrí Oileán Árann, trá den scoth chun snámh ann.

 

View this post on Instagram

 

A post shared by aisling (@aislingeire)

Trá Iomaí
Tá trá Iomaí ar cheann de na tránna is mó i réigiún Chonamara agus tóir air ag lucht snámha, siúil nó fámaireachta. Tá an trá lonnaithe sa Chladach Dubh agus é ar cheann de mhórchuid pointí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Nuair atá sé ina dhíthrá, is féidir le cuairteoirí siúl nó tiomáint trasna chuig Oileán Iomaí, ach coinnigh súil ar an taoide i gcónaí!

 

View this post on Instagram

 

A post shared by Niamh Ronane (@niamhronane)

Trá Rinn Mhaoile
Tá an Trá Gheal mar ainm eile ar Thrá Rinn Mhaoile agus é inchurtha le haon trá sa domhan sna tíortha teo. Tá amharc iontach ag an gcuairteoir anseo ar shléibhte Maol Réidh i gContae Mhaigh Eo. Tá cnocán beag ag déanamh dhá leath den trá. Tá bealach chuig an trá seo síos bóithrín cúng díreach thar Páirc Charbháin agus Champála Rinn Mhaoile.

 

View this post on Instagram

 

A post shared by CONNEMARA.IE (@connemara.ie)

Port na Feadóige
Ní féidir labhairt faoi thránna Chonamara gan trácht ar Phort na Feadóige, nach bhfuil ach aistear gearr as Cloch na Rón. Bheadh pictiúr den uisce glan gorm seo in sheod ar chóras Instagram. Tá foscadh den scoth ag an trá seo freisin, rud a fhágann tóir ag lucht snámha agus tonnmharcaíocht eitleoige air.

Trá Inis Oírr
Tá Inis Oírr suite 17km amach ó chósta na Gaillimhe agus 9km amach ó chósta Chontae an Chláir. Tá an trá ar an taobh ó thuaidh den oileán agus Trá Inis Oírr mar ainm air. Trá álainn eile a mheallann gach cuairteoir a thagann ar an mbád.

 

View this post on Instagram

 

A post shared by Inis Oirr Hotel (@inisoirr_hotel)

Trá Dumhach
Tá trá álainn eile ar a dtugtar Dumhach lonnaithe ar Inis Bó Finne agus neart deiseanna ann bolg le ‘gréin’ a dhéanamh ann.

Share this post

Sign up for Updates:

Scroll to Top