Explore Inis Oírr

Inis Oírr is the smallest of the three Aran Islands. With nightly traditional music sessions in the three pubs it can be quite lively in the summer months. If you venture away from the settlement on the north of the island along the wandering shoreline you may feel like you have the island to yourself.

Inis Oírr has probably been inhabited for 5,000 years but the earliest evidence of civilisation is at Cnoc Raithní, a Bronze Age burial mound dating from 1500BC. Nearby are Teampall Chaomhán, a Medieval church ruin half buried in the sand and the 16th Century Caisleán Uí Bhríain, an imposing three storey tower house built within a Stone Age fort. To the north of the island golden sandy beaches offer safe swimming and stunning vistas of Connemara, while the eastern shore boasts a shipwreck and breathtaking views of the Cliffs of Moher and the Burren.

The island also has an arts and cultural centre, Áras Éanna, where you can attend workshops, see exhibitions and learn about traditional culture. If you visit in August you may get to see the traditional currach boat races.

Is é Inis Oírr an ceann is lú de thrí Oileán Árann. Tá ceol traidisiúnta le fáil gach oíche sna trí theach ósta ar an oileán, bíonn an chraic go láidir i míonna an tsamhraidh. Má fhágann tú an chuid ó thuaidh den oileán san áit a bhfuil an chuid is mó den daonra, is beag nach gceapfá go bhfuil an t-oileán fút féin.

Meastar go bhfuil cónaí ar Inis Oírr le 5,000 bliain ach tá an chéad fhianaise i gCnoc Raithní, dumha adhlactha ó Ré na Cré-Umhaoise a bhfuil dáta 1500 RC luaite leis. Tá Teampall Chaomháin in aice láimhe, séipéal Meánaoise a bhfuil leath de faoi ghaineamh. Tá Caisleán Uí Bhriain, teach mór trí stór ón 16ú haois, a tógadh taobh istigh de dhún ó Ré na Clochaoise, in aice láimhe freisin.

Tá tránna breátha ar thaobh thuaidh an oileáin agus amharc maith orthu ar Chonamara. Tá bád briste cáiliúil in oirthear an oileáin agus amharc dochreidte ar Aillte an Mhothair agus ar an mBoirinn. Tá an t-ionad ealaíon agus cultúir, Áras Éanna, lonnaithe in iarthar an oileáin agus fáil anseo ar cheardlanna, taispeántais, agus deis agat foghlaim faoin gcultúr traidisiúnta. Má éiríonn leat cuairt a thabhairt ar an oileán i mí Lúnasa, b’fhéidir go n-éireodh leat rásaí traidisiúnta curach a fheiceáil.

Scroll to Top