“Ainm Cleite” – Féile na bhFilí & na Scríbhneoirí
Clár na Féile Ainm Cleite Féile na bhFilí & na Scríbhneoirí
13 -15 Meán Fómhair 2024
13/09, Dé hAoine: AN OSCAILT OIFIGIÚIL
le fear an tí, Máirtín Tom Sheáinín MacDonnacha.
i Halla Pobail Thír an Fhia.
5.00 i.n. Taispeántas filíochta & scríbhneoireachta ó pháistí bunscoile na háite.
Taispeántas oscailte do dhaoine fásta. Seoladh ábhar béaloidis “Ó Ghlúin go Glúin”,
saothar ó thogra le páistí bunscoile an cheantair. Seoladh leabhar “1, 2, Spraoí” saothar
ó Scoil Thír an Fhia, le Fighting Words.
6.30 i.n. – Ócáid Fháilte, le Seán MacDonnacha, Oifigeach Pleanála Teanga Ghlór na
nOileán. – Eolas ar chlár na Féile. Cur i láthair na foirne oibre agus na n-aíonna speisialta.
7.00 i.n. Réamhrá maidir lenár bpríomh-aoi agus bronnadh Ghradam na Féile ar Micheál
( Coilmín Tom Val) Ó Conghaile, ag ár n-aoi Páraic Breathnach.
7.45 i.n. – Ag bronnadh “Gradam Saoil Tom a’tSeoighe” ar Chiarán Ó Fátharta. Le Sheila
Denvir.
8.15 i.n. – Sólaistí agus ceolchoirm le Sheila Doorley, JTJ MacDonnacha & Chairde.
10.00 i.n. (Tígh Phlunkett)
Éamonn MacDonnacha agus Ceoltóirí Ráth Chairn.
14/09, Dé Sathairn: CEARDLANNA, TAISPEÁNTAIS & IMEACHTAÍ SPEISIALTA
Ainm Cleite Féile na bhFílí
Ionad Oidhreachta, Comhar Chuigéal
10.00 r.n. – Ceardlann Ealaíne & Grianghrafadóireachta amuigh faoin spéir.
11.30 r.n. – Scéalaíocht & Spraoi do pháistí scoile le Bríd Treasa ó Fighting Words.
1.00 i.n (Ionad na Comhairle Ceantar)
Ceardlann sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach (gach aoisghrúpa) le Ciarán Ó Fátharta.
3.15 i.n. (Halla Thír an Fhia)
Léacht/Ceardlann ar shaothar ár n-aoi speisialta, Micheál ( Coilmín Tom Val) Ó Conghaile
le Páraic Breathnach. “Ó Choill Bhruacháin go hInis Treabhair”.
Páraic Breathnach agus Micheál Ó Conghaile i mbun agallaimh agus comhrá faoina saol
scríbhneoireachta. Léifidh Páraic sliocht as a chnuasach gearrscéalta nua, Póg mo Thóin
agus Scéalta Eile.
5.30 i.n. (Tí Mháirtín Tom, An Hooker Bar)
Mic-oscailte (Prós/Filíocht/Agallamh Beirte/Lúibíní), le fear an tí, Máirtín Tom Sheáinín
MacDonnacha; (Aoi Speisialta: Seán Ó Gráinne).Seisiún ceoil ina dhiaidh le Síle Doorly,
JTJ MacDonnacha & Chairde
9.30 i.n. (Tí Phlunkett) Damhsa
15/09, Dé Domhnaigh: CEARDLANNA, TAISPEÁNTAIS & IMEACHTAÍ SPEISIALTA
9.00 r.n. Siúlóid timpeall Cheantar na nOileán leis na SODAIRÍ
11.30 r.n. Aifreann: Séipéal Thír an Fhia.
1.30 i.n. (Ionad Oidhreachta, Comhar Chuigéal)
Léacht/ceardlann ar údair leabhar as Gaeltacht Chonamara le Dónal Ó Braonáin
3.30 i.n (Tí Mháirtín Tom, An Hooker Bar)
“Ar Thóir Bhríd Ní Mháille”, Saothar nua scríofa le Micheál Ó Conghaile, bunaithe ar
shaol Bhríd Ní Mháille a chum ‘Amhrán an Bháthadh’ agus ‘Amhrán South Boston’ dá
chur i láthair ag an aisteoir Bridie Ní Churraoin agus an t-amhránaí sean-nóis Caitlín
Ní Chualáin á cur i láthair ag Ciarán Ó Fátharta. Seisiún ceoil oscailte ina dhiaidh.
Details
Location
Similar Events
-
Clints & Grykes: An Artist’s Celebration of the Limestone Pavement
Art, Culture and Literature - Ealaín, Cultúr agus Litríocht
-
Lughnasa Forest Bathing Walk
Art, Culture and Literature - Ealaín, Cultúr agus Litríocht
-
Féile na Sléibhte
Art, Culture and Literature - Ealaín, Cultúr agus Litríocht, Festivals - Féilte, Walking Festivals - Féilte Siúlóide