Is struchtúr forbartha áitiúil é Forbairt Chonamara Láir Teo., atá ag feidhmiú i gceantar Chonamara Láir ó 2007. Tá an t-eagras déanta suas d’ionadaithe ó choistí pobail sa gceantar feidhme – siad sin C.P. Chamuis, C.P. Ros Muc, C.P. Chill Chiaráin, C.P. Charna, C.P. an Chaisil agus C.P. Shraith Salach. Tá clár oibre an eagrais bunaithe ar riachtanais aitheanta agus féidearthachtaí forbartha an cheantair agus tá inchur láidir ag baill an choiste bainistíochta anseo. Tá an t-eagras lárnach i bhforbairt tograí agus seirbhísí pobail áitiúla, m.sh. soláthar áiseanna pobail, seirbhísí riaracháin agus tacaíochta. Trí dhíriú isteach ar fhorbairt acmhainní áitiúla, an timpeallacht nádúrtha, an turasóireacht, an fharraige agus an cultúr, tá sé mar aidhm ag an eagras feabhas agus forbairt a chur chun cinn ar mhaithe le saol eacnamaíochta agus sóisialta phobal an cheantair.
Related Listings
-
Aran Islands Goats’ Cheese
Eat & Drink, Food & Drink Experiences, See & Do, Shopping Siopadóireacht
-
Aran Island’s Hotel
Eispéireas Gaeltachta Gaeltacht Experiences, Hotels Ostán, Stay Fan, Visit an Island Tabhair Cuairt ar Oileán, Weddings - Bainis
-
Connemara Equestrian Escapes
Outdoor Activities Gníomhaíochtaí faoin aer, See & Do