Scoil Geimhridh Joe Steve
Clár den scoth le haghaidh Scoil Geimhridh Joe Steve le réimse leathan imeachtaí ar siúl.
Déardaoin 22 Eanáir
8.00 i.n.
Allagar na nGlúnta: “Pobal Abú nó Pobal Amú?”
Painéal plé ina mbeidh cainteoirí éagsúla i mbun allagair ar cheisteanna a bhaineann leo.
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna)
H91 W925
Dé hAoine 23 Eanáir
9.15–10.15 r.n.
Eagrán speisialta de Iris Aniar
RTÉ Raidió na Gaeltachta, beo ó Scoil Gheimhridh Joe Steve.
4.00 i.n.
Ómós do Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha
An dráma Pionta Amháin Uisce, filíocht agus amhráin saothair Johnny curtha i láthair ag rang 5 & 6 Scoil Náisiúnta Cholmcille.
Léirithe ag Bríd Ní Churraoin.
Halla na Tuláí H91 H348
Ticéid/Airíntí: Saor in aisce agus oscailte don phobal.
7.30 i.n.
Seoladh Oifigiúil Scoil Gheimhridh Joe Steve 2026
Le hUachtarán na hÉireann, Catherine Connolly.
Comórtas Litríochta Scoileanna
Bronnadh duaiseanna an chomórtais próis scoileanna.
Loinneog
Cuid de na hamhráin a chum filí Chois Fharraige, á gcur i láthair ag ógánaigh an cheantair faoi stiúir Síle Denvir.
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna)
H91 W925
Ticéid/Airíntí: Saor in aisce (le cur in áirithe ar Eventbrite).
10.00 i.n.
Damhsá Seitanna
Faoi stiúir Thraolach Uí Chonghaile, le ceol beo.
An Poitín Stil H91 Y8X6
Dé Sathairn 24 Eanáir
11.45 r.n.
Siamsa Ceoil
Cuairt cheoil ar chónaitheoirí Áras Chois Fharraige.
Áras Chois Fharraige H91 H9C7
1.00 i.n.
Ceardlanna Puipéadóireachta don Óige
Le Cillian Ó Donnchadha agus Gráinne Bleasdale.
-
5 bliana – 8 mbliana: 1.00 i.n. – 2.00 i.n.
-
9 mbliana – 12 bliana: 2.30 i.n. – 4.00 i.n.
Scoil Náisiúnta Sailearna H91 PW35
Ticéid/Airíntí: Saor in aisce (le cur in áirithe ar Eventbrite).
8.00 i.n.
Dráma: “Níor Mhaith Linn do Thrioblóid”
Le Joe Steve Ó Neachtain, á chur i láthair ag buíon aisteoirí áitiúla.
Léirithe ag Eoghan Ó Riada.
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna)
H91 W925
Ticéid/Airíntí: €15 (le cur in áirithe ar Eventbrite).
10.30 i.n.
Seisiún Ceoil
Le Johnny Óg Connolly agus Clíodhna Ní Choisdealbha.
Tigh Chualáin H91 P654
Dé Domhnaigh 25 Eanáir
11.00 r.n.
Aifreann Scoil Gheimhridh Joe Steve
Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Séipéal Chill Éinde, an Spidéal H91 FY02
12.00 i.n.
Cuairt ar uaigh Joe Steve
Reilig an Chnoic, Indreabhán
1.00 i.n.
Baile an Droichid agus filíocht Thig Mholly
Léamh filíochta le filí aitheanta, agus mír as an sraithdhráma raidió Baile an Droichid, á háithris beo ag buíon aisteoirí áitiúla.
Tigh Mholly H91 KW60
8.00 i.n.
Dráma: “Níor Mhaith Linn do Thrioblóid”
Le Joe Steve Ó Neachtain.
Léirithe ag Eoghan Ó Riada.
Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna)
H91 W925
Ticéid/Airíntí: €15 (le cur in áirithe ar Eventbrite).
Dráma na Féile
“Níor Mhaith Linn do Thrioblóid”
Dé Sathairn 24ú & Dé Domhnaigh 25ú Eanáir
Ticéid ar fáil ar Eventbrite agus in oifig an Chomharchumainn.
Cead isteach: €15
Guthán: (091) 399 199
R-phost: amharclann@cst.ie
*D’fhéadfadh mórléiriú na féile, an dráma Níor Mhaith Linn do Thrioblóid, a chur ar siúl arís Dé Luain 26 Eanáir, ag brath ar éileamh.
Details
- ADDRESS: 6JW7+52, Aille, Aille West, Co. Galway, Ireland
- EMAIL: amharclann@cst.ie
- Start Date: January 22, 2026
- End Date: January 25, 2026



