Copy of Ballynahinch Walled Garden
Picture of Conamara agus oileáin

Conamara agus oileáin

Gáirdín Bhaile na hInse

Rinneadh athchóiriú iomlán ar an ngarraí daingean i gCaisleán Bhaile na hInse i dtús na bliana 2017. Leagadh na ballaí seo go hiomlán le linn na hoibre mar gheall ar an drochbhail a bhí orthu agus atógadh na ballaí ag baint úsáide as na clocha céanna. Thóg an obair seo cuid mhaith de shé mhí. Tá an balla atógtha mar theistiméireacht anois ar scil agus ceird na saor cloch.

Nuair a bhí an balla á thógáil shocraíomar athdhearadh a dhéanamh ar an ngairdín chun go mbeadh sé feiliúnach do shaol an lae inniu seachas macasamhail a dhéanamh den bhalla a bhí ann san am a caitheadh. D’fhág sin go raibh fáil againn ar phlandaí agus ábhar nach raibh ar fáil an uair sin.

Tá luibheanna, glasraí, torthaí agus bláthanna fiáin sa ghairdín agus tá cuid eile de deartha ar bhonn foirmeálta. Tá os cionn 120,000 bleibín earraigh curtha againn ó 2017. Fágann sin go mbeidh an gairdín daingean go mór faoi bhláth i mbliana le lus an chromchinn, tiúilipí agus eile.

 

Tá scairdeán álainn uisce i lár an ghairdín agus cosáin ag sníomh amach as. Tá fál agus tordhearadh foirmeálta iúir timpeall an scairdeáin. Is é seo an chuid is foirmeálta den ghairdín agus cosúlacht an seandéanaimh air. Tá an móinéar bláthanna fiáine atá go mór faoi bhláth, éagsúil go maith uaidh seo. Tá éin le cloisteáil ann agus crónán na mbeach i rith mhíonna an tsamhraidh.

Tá teach álainn gloine sa ghairdín agus is anseo a chuirimid síolta na nglasraí dár ngairdín glasraí. Tá tionchar ag ár n-oibrithe cistin ar na glasraí a chuirimid. Cuirimid réimse leathan cabáistí, sailéid, glasraí fréimhe, trátaí, piobair, puimcíní agus eile dár gcistin. Bainimid úsáid as ábhar orgánach sa bhia a chuirimid agus bainimid triail as cineálacha nua gach bliain a bheidh mar ábhar ar ár mbiachlár. Tá cineál ar leith spíonán á fhás i mbliana againn sa teach gloine don chéad uair.

Tá plandaí atá go maith i gcomhair pailnithe curtha sa dá chiumhais lusach mar go bhfuilimid meáite go mbeadh an eastáit seo thar a bheith tarraingteach do bheacha agus pailneoirí eile, mar atá follasach inár móinéar bláthanna fiáine.

Is deas an áit é an gairdín le do scíth a ligean ag léamh do leabhar agus ag ól bolgam caife agus tú ag éisteacht le ceol na n-éan agus ag baint sásaimh as an nádúr.

Share this post

Sign up for Updates:

Scroll to Top