Lá cruthaitheach gníomhaíochais i Seanscoil Sailearna le haghaidh Seachtain na nOidhreachta ar an 21ú Lúnasa.
Cláraigh anseo Seachtain na nOidhreachta Seanscoil Sailearna
Tabharfaidh an lá seo deis don phobal, idir óg agus sean, cuid de na ceisteanna a bhaineann leis an timpeallacht a chíoradh ar bhealach cruthaitheach agus samhailteach. Beidh trí chuid i gceist leis an lá – siúlóid dúlra agus ceoil, ceardlanna ealaíne do dhaoine óga, agus ceolchoirm.
11.30 – 13.00: Siúlóid Dúlra & Ceoil
Siúlóid i gceantar Chois Fharraige, treoraithe ag Seathrún Ó Tuairisg, Éanna Hyland agus Peadar-Tom Mercier, le muid a thumadh i bhfuaimrian an nádúir agus an cheoil agus chun foghlaim faoi chaomhnú bithéagsúlachta agus uisce sa gceantar.
14.00 – 16.00: Ceardlanna Ealaíne
Rogha ceardlann do dhaoine óga idir 15-25 a dhíreoidh ar úsáid a bhaint as ár n-oidhreacht le todhchaí inbhuanaithe agus dóchasach a shamhlú.
Ceol & amhránaíocht, Ealaín (zines), Filíocht chomhaimseartha
17.00 – 19.00 Cuisle an Chomhshaoil: Taibhreamh
Ceolchoirm le ceol, filíocht agus caint, le Síle Denvir, Becky Ní Éallaithe, Peadar-Tom Mercier, Meadhbh O’Leary Fitzpatrick, Mairéad Hurley, Éanna Hyland agus Gormfhlaith Ní Shíocháin-Ní Bheoláin.
Cuirfidh POTA lón ar fáil ó 13:00-14:00 i Seanscoil Sailearna
Tá an siúlóid feiliúnach do gach aoisghrúpa ach caithfidh tuismitheoir / caomhnóir a bheith in éineacht le rannpháirtithe faoi 18.
Tá na ceardlanna dírithe ar dhaoine óga idir 15-25. Is féidir le daoine faoi 18 a bheith i láthair gan tuismitheoir/ caomhnóir, ach caithfidh siad clárú le hainm agus seoladh ríomhphoist an tuismitheora / an chaomhnóra tríd an fhoirm https://forms.office.com/e/pwamFAxe8Y
Ní gá freastal ar an ócáid ar fad. Is féidir clárú do chuid amháin, do dhá chuid nó don lá ar fad.
Tá an t-imeacht seo á reachtáil mar chuid den togra CLICA, atá comh-mhaoinithe ag an Aontas Eorpach (Erasmus+), le tacaíocht ó Chlár Uiscí na nÚdarás Áitiúil, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Further Information
Imeall / Comharchumann Shailearna Teo
Details
- ADDRESS: Seanscoil Sailearna, Aille, Inverin, County Galway, Ireland
- EMAIL: imeall@eu.com
- PHONE: 0867395156
- Start Date: August 21, 2024
- End Date: August 21, 2024