Comórtas Peile na Gaeltachta

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta ag filleadh faoi dheireadh tar éis briseadh dhá bhliain.

Bhí an fhéile mhór pheile le reáchtáil ar dtús ag Naomh Anna, Leitir Móir dhá bhliain ó shin ach cuireadh siar í faoi dhó de bharr na paindéime. Tá an lá mór tagtha anois agus súil ag an lucht eagraithe go mbeidh na sluaite scafa chun spóirt agus spraoi i ndiaidh an fheithimh uile.

Imreofar 27 cluiche ar fad idir seo agus an Luan agus neart imeachtaí eile ar siúl freisin chun daoine a choinneáil ag imeacht, seisiúin cheoil agus Comórtas an Chailín Ghaelaigh ina measc.

[Pádraic Ó Ciardha, Tuairisc.ie]

Facebook
Twitter
LinkedIn
WhatsApp

Details

Location

Sign up for Updates:

Scroll to Top