Map Search

Map Search

0.1 km
Search

Ag tosú sa Spidéal, lean bóthar an chósta mórthaibhsigh, an R336, amach go Ros an Mhíl. Beidh amharc breá agat ar an mBoirinn agus ar Oileáin Árann trasna an chuain. Déan an lúb timpeall an chuain ar feadh an R343 go dtí an Cheathrú Rua agus tú ag baint lán na súl as na radhairc fíor-áille den tírdhreach carraigeach agus bí ag spléachadh isteach trí na ballaí chloch shingil, a tógadh de láimh, atá fairsing ann.

Tiomáin leat ó thuaidh ar feadh an R374 go Béal an Daingin ag tabhairt faoi deara na radhairc níos neamhchoitianta sa tírdhreach uathúil aimrid seo ina bhfuil an spéir frithchaite i ngach áit thart ort i bhflúirse na lochanna agus na n-aibhneacha atá ann.

Coinnigh ort ar feadh an R374 mar go bhfuil tú anois ag dul isteach ar oileánra oileán íseal ar a dtugtar go coitianta an ceantar is síochánta i gConamara. Tiomáin ar aghaidh an bealach ar fad tríd na hoileáin atá ceangailte le droichid go dtiocfaidh tú chomh fada le Foirnis.

Cas ar ais an bealach a tháinig tú go Béal an Daingin agus tóg an R340 go Teach an Phiarsaigh. Ceannaire náisiúnach ba ea an Piarsach a bhí ina fhile agus ina oideachasóir. Tabhair cuairt ar an Ionad Cultúrtha a tógadh as an nua ann le gairid chun léargas a fháil ar chultúr agus ar oidhreacht na háite. Téigh ar ais go Scríb ar an R340. Tóg an R336 agus téigh ó thuaidh go dtí an Teach Dóite. Tóg an N59 go Maigh Cuilinn agus tóg an casadh sa sráidbhaile don Spidéal.

124km 2.5 uair

Address

Our Address:

-

GPS:

53.23165847726255, -9.751435244053255

Telephone:

-

Email:

-

Web:

-

Plan My Route