Map Search

Map Search

0.1 km
Search

40 Ciliméadar: 3 huaire an chloig

Ar an gcuaird seo, is féidir le rothaithe dul trí fhasach álainn phortaigh Dheirgimligh agus Chloch na Rón. Feicfidh siad ionad na tuirlingthe de thuairt a tharla don chéad eitilt trasatlantach a rinne Alcock & Brown sa bhliain 1919 agus, chomh maith leis sin, feicfidh siad seanstáisiún trasatlantach radaitheileagrafaíochta Marconi. Níos faide ar aghaidh i dtreo Bhaile Conaola, is áit iontach í trá White Strand chun grianghraif a ghlacadh. I gCloch na Rón, atá i measc na sráidbhailte iascaireachta is sine dá bhfuil ann in Éirinn, is féidir le rothaithe eispéireas a fháil ar ghabháil an lae na n-iascairí go díreach ón gcalafort gnóthach. In aice láimhe, is féidir le rothaithe cuairt a thabhairt ar thránna mórthaibhseacha an Ghoirtín agus Chuan an Mhada, áit a bhfuil tránna bána gan mhilleadh agus uiscí gormghlasa. Ar bhóthar an chósta, tá radhairc bhreátha le fáil agus, de ghnáth, is grádáin réidhe a bhíonn ann.

Le caoinchead ó Fháilte Éireann

Address

Our Address:

roundstone

GPS:

53.39654656414, -9.9187622873139

Telephone:

-

Email:

-

Web:

-

Plan My Route