Map Search

Map Search

0.1 km
Search

Téigh siar an R336 amach bóthar an chósta ag breathnú trasna ar radhairc den Bhoirinn agus d’Oileáin Árann trasna an chuain uait. Chas ar dheis agus lean ort ó thuaidh ar an R336 go dtiocfaidh tú go acomhal Ros an Mhíl. Lean ort ó thuaidh ar an R336 go Scríb ag sú isteach radhairc bhreátha de Chnoc Mordáin. Coinnigh ort siar an R340 go Teach an Phiarsaigh agus Ionad Cultúrtha Ros Muc. Ó dheas leat ansin ar an R340 go Cill Chiaráin.

Lean ort siar leithinis Iorras Aithneach go dtiocfaidh tú go Carna. Tiomáin ar aghaidh trí shráidbhaile Charna agus lean an bóthar amach go Maíros chun trá chiúin le huisce atá chomh glan leis an gcriostal agus gaineamh geal a aimsiú. Lean ort ag déanamh do bhealaigh timpeall na leithinse go teach Ghlinsce, áit den scoth le stopadh don lón agus ansin tabharfaidh an bóthar sin ar ais ar an R340 thú.

Coinnigh ort ó thuaidh ar an R340 agus cas ar dheis ag an T-acomhal chun an N59 a thógáil. Lean ar an R340 ar feadh tuairim is 1 km go dtí go bhfeicfidh tú an casadh ar chlé le haghaidh Leitir Fraic. Déan do bhealach go cúramach ar an R344 mar go dtiocfaidh tú ar chaoirigh ag fánaíocht leo gan srian ar an mbóthar seo! Tiocfaidh tú ansin go Gleann mórthaibhseach Loch Eidhneach le radhairc ar na Beanna Beola agus ar Shléibhte Mhám Tuirc.

Glac sos beag le haghaidh tae sa ghleann síochánta glórmhar leis an radhairc mhórthaibhseacha seo I do thimpeall. Déan do bhealach ansin go Mainistir na Coille Móire, ceann de na háiteanna is aitheanta ar díol spéise iad do thurasóirí in Éirinn. Tabhair cuairt ar an mainistir athchóirithe agus téigh ag fánaíocht ar fud na nGarraithe Daingne Victeoiriacha mórthaibhseacha.

Lean ar aghaidh go Leitir Fraic, ina bhfuil Páirc Náisiúnta Chonamara suite, agus ina dtiocfaidh tú ar Bhinn Guaire, a bhfuil an-cháil air i measc gach leibhéal agus aoisghrúpa. Níl aon dabht faoi ach go bhfuil Binn Guaire ar cheann de na háiteanna is fearr chun amharc a fháil ar shléibhte maorga, locha scaipthe agus ar chósta casta Chonamara ag an am céanna. Téigh an R341 go dtí An Clochán agus  déan Bóthar na Spéire nach ndéanfaidh tú dearmad go héasca air, a thaisteal. Deirtear go dtugtar ‘an tírdhreach is áille ar domhan’ ar an áit seo.

126.4km 2.5 uair

Address

Our Address:

-

GPS:

53.326153752393, -9.83899974823

Telephone:

-

Email:

-

Web:

-

Plan My Route