Map Search

Map Search

0.1 km
Search

Tugann an bealach seo deis do rothaithe dul ag breathnú ar an tírdhreach uathúil lom, ar tírdhreach é atá álainn ag an am céanna, agus ar tírdhreach an-choitianta é i gConamara. Tosaíonn an bealach ar an gCeathrú Rua áit ar féidir le rothaithe cuairt a thabhairt ar Thrá an Dóilín a bhfuil cáil ollmhór uirthi. Níos faide ó thuaidh, tá Oileáin Chonamara arb é atá ann ná sraith oileánraí, oileáiníní agus carraigeacha siar ó leithinis na Ceathrún Rua in Iarthar Chontae na Gaillimhe. Ní théann mórán turasóirí chuig na hoileáin seo agus, dá bharr sin, tá siad gan mhilleadh fós agus tá siad measartha iargúlta. Is iontach an fiadhúlra atá le feiceáil; tá líon mór rónta ann a mbíonn cuid acu fiosrach, chomh maith le madraí uisce nach mbíonn fiosrach ar chor ar bith. I measc na n-éan atá ann áirítear an Faoileán Scadán agus an Droimneach Beag agus tá líon mór Síoltaí Rua ann.

Le caoinchead ó Ireland Byways

Address

Our Address:

-

GPS:

53.2337545665812, -9.738449096679688

Telephone:

-

Email:

-

Web:

-

Plan My Route